An Teoiric Bhunata

Teoiric Bhunata

Tá préamhacha na Teoirice Bunata suite sa 20ú haois déag , ag deireadh na seascaidí sna Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tháinig an teoiric úrnua chun solais as siocair comharaíochta eadar beirt socheolaithe Meiriceánacha Barney G.Glaser agus Anselm L. Strauss . Bhí an bheirt acu ag comharíocht le chéile ag tús na seascaidí , ag stáidéar an choincheapa ag fáil bháis in otharlanna .Agus an bheirt ag stáidéar an phróisis siúd thug siad bunrud suntasach fá dear maidir le foirne na n-otharlann éagsúil agus i dtaca leis na hothair iad féin.Toisc nádúr agus tábhacht an tsuímh chomh maith le geasa sóisialta bainteach le hábhar an bháis cha raibh sé de nós ag foirne na n-otharlann ná na hothair iad féin in achar an anama nó ag fail bháis labhairt mórán fán bhás nó a bheith ag fáil bháis nó é sin a admháil fiú .  Chrom an bheirt socheolaithe agus a bhfoireann i mbun stáidéir mar sin ar an phróiseas siúd , a bheith iontach tinn agus a bheith ag fáil bháis , an dóigh a tharla a mhacasamhail in otharlanna éagsúla , cén uair a raibh a fhios ag lucht leighis agus a n-othair fán bháis , an dóigh a ndeachaigh siad i ngleic leis an scéala agus an dóigh a dtáinig na páirtithe leasmhara chun réitigh leis an scéala .
Rinne Glaser agus Strauss léirphlé anailíseach ar na sonraí tiomsaithe acu agus léirigh siad anailísiú teoiriciúil ar an fheiniméan , an t-ord sóisialta agus nádúr aimseartha bainteach leis fheiniméan.D’imscrúdaigh siad smaointe anailíseacha le chéile ansin roinn siad a gcuid réamhnótaí breactha fa dtaobh de a ngrinnithe féin sa pháirc . Ag cur a gcuid anailísithe ar bhás i dtoll a chéile , shaothraigh siad stráitéis chórasach mhodheolaíochta arbh fhéidir eolaithe na neolaíochtaí sóisialta a thógáil suas is a úsáid agus iad i mbun stáidéir ar réimse leathan ábhar eile.
Foilsíodh a leabhar The Discovery of Grounded Theory i 1967 agus b’shin sa leabhar sin a cuireadh síos den chéad uair ar a stráitéis siúd agus ina mhol siad do thaighdeoirí teoiricí a shaothrú ar thaighde bunaithe ar shonraí seachas a bheith ag baint hipitéisí arbh fhéidir triail ó theoiricí a bhí ann cheana féin .
An tráth sin bhí taighde cáilíochtúil sa tsocheolaíocht ag gabháil i laige i gcodarsnacht leis an taighde chainíochtúil a bhí , buíochas le modhanna úra sofaisticiúla , ag gabhail ó neart go neart agus i ndiaidh forlámhas a dhéanamh ar an taighde cháilíochtúil.
Cáineadh an taighde cáilíochtúil ag an tráth seo as a bheith ag soláthar imprisean agus fianaise starógach a raibh neamhchórasach agus claonta .
Ó thaobh leabhar Ghlaser agus Strauss de, bhí ráiteas ceannródaíoch bainteach leis nuair a cheistigh siad coincheapa an chomhaontaithe fá mhodheolaíocht agus thairg siad stráitéis chórasach fá choinne taighde cáilíochtúil. Dhearbhaigh siad go raibh loighic dá chuid fein ag anailísiú córasach cáilíochtúil , loighic a raibh in ann teoiric dá cuid féin a ghiniúint.
D’fhógair siad an próiseas , structúir agus creatlach sainithe seo a leanas  mar dhea-chleachtas chun an Teoiric Bhunata a fheidhmiú .

  • Comhthiomsachán sonraí agus anailísiú á ndéanamh orthu
  • Ag foirgniú cód anailíseach agus catagóirí anailíseacha ón sonraí amháin chan ó hipitéisí bainte ó loighic réamhcheaptha
  • Ag baint úsáid as an mhodh chomparáideach sheasmhach a chiallíonn go ndéantar comparáidí i gcaitheamh achan chéim an anailísithe
  • Forbairt teoiric a chur chun cinn tríd achan chéim an phóisis tiomsachán sonraí agus anailísiú sonraí
  • Ag scríobh meamram ionas na catagóirí a mhionshaothrú , a n-airíonna a shainmhíniú , coibhneas eadar na catagóirí a mhíniú agus bearnaí nó poill éalaithe fhéideartha a shainaithint
  • Sampláil dírithe i dtreo fhorléirithe teoirice chan ar son ionadaíocht daonra

Mhol Glaser fosta teoiricí úrnua a bhunadh nó teoiricí meántréimhseacha bunaithe aríst ar na sonraí tiomsaithe.Bhéadh forléirithe teibhí ar shainfheiniméin sóisialta i gceist leis na teoiricí meántréimhseacha agus iadsan molta thar agus curtha i gcodarsnacht leis na mórtheoiricí socheolaíochta beartaithe roimhe seo , nach raibh bunadh ar bith acu le sonraí anailísithe ar bhun córasach .
Cuireadh Strauss béim ar ghníomhaíochtaí an duine , bhí an daonnaí amharctha mar ghníomhaí ina shaol seachas mar fhaighteoirí éighníomhacha ag láimhseáil le mórfhorsaí sóisialta mórthimpeall orthu. Thuig Strauss go raibh próiseas chan struchtúr bunadh saol an duine , gur chruthaigh an duine struchtúr agus é i mbun próisis agus úsáideadh teanga chun a tuigse shóisialta a ghnóthú.

  • Mar sin tugadh tosaíocht  ar shonraí ó thús go deireadh aon taighde .
  • Bhí príomhphrionsabal ná aon teoiric a bheith bunaithe ar na sonraí siúd tiomsaithe.
  • Tháinig cóíd agus catagóirí ó sonraí
  • Rinneadh comparáid sheasmhach ar achan chéim
  • Forbairt teoirice bunspreagadh an mhodha
  • Go raibh sonraí agus anailísiú na sonraí siúd ag comhtharlú , cuidithe le meamraim chun na catagóirí a mhionshaothrú.
  • Sampláil chun an teoiric a fhorléiriú

Tagairtí:

B,G., Glaser & A, L., Strauss The Discovery of Grounded Theory:Strategies for qualitative research

K, Charmez., Constructing Grounded Theory:Practical Guide Through Qualitative Analysis

Anthony Byrant & Kathy Charmez (Edited by )2007 The Sage Handbook of Grounded Theory

Maidir leis na húdair:

Barney G.Glaser bunaitheoir an institiúid um Theoiric Bhunata i Mill Valley,California  bhí sé ina shocheolaí taighdeach ag University of California Medical Centre.San Francisco.

Anselm L.Strauss (1916-1996) Bhí sé ina ollamh emeritus na Socheolaíochta ag University of California.San Francisco.


Tús na Léitheoireachta-alt fán chúlra

As siocair go raibh treoir á lorg ag múinteoirí i scoltacha Gaeltachta agus lán-Ghaedhilge maidir le tús na léitheoireachta agus cionn is go bhfuil cleachtais éagsúla in úsáid ag múinteoirí agus ag scoltacha maidir leis seo faoi láthair d’iarr an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) ar Phádraig Ó Duibhir agus ar Mháire Ní Bhaoill soiléiriú a dhéanamh ar an cheist bunaithe ar an litríocht is déanaí ar an ábhar agus ar an taighde a rinne Máire i scoltacha lán-Ghaeilge. Déantar cur síos sa pháipéar ar an chomhthéacs ina mhúintear na léitheoireachta i scoltacha Gaeltachta agus lán-Ghaedhilge agus ar na cleachtais éagsúla atá i réim faoi láthair in Éirinn agus i dtíortha eile .i. Albain agus Ceanada .


Taigairtí

Na húdair :Ní Bhaoill,Máire;Ó Duibhir, Pádraig

Príomhúdar :

Máire Ní Bhaoill:Léachtóir le Teagasc na Gaedhilge

Spéiseanna Taighde:

Réimsí Taighde :Teagasc na Gaeilge sa Bhunscoil; An Réamhscolaíocht/ Naíoscolaíocht; Oideachas Luathóige; An Dátheangachas; An Ghaelscolaíocht; An Tumoideachas; Múineadh trí Ghaeilge; Úsáid Rainn, Dánta agus Amhráin mar chuid de pholasaí comhtháite litearthachta sna luathbhlianta.

Coimhoibriú le comhaltais eile :2007- 2010: Comhordaitheoir ar thaighde dírithe ar Thús na Léitheoireacht i scoileanna lánGhaeilge agus Gaeltachta i gcuideachta leis na scoltacha seo a leanas :

Scoil Sailearna, Indreabháin, Co na Gaillimhe,Scoil Náisiúnta Cholchille,Leitir Móir,Co na Gaillimhe,Gaelscoil Mhichíl Chíosóig,Inis, Co.an Chláir,Scoil Neasáin,Bóthar Nic Amhlaí,Baile Hearmann,Baile Átha Cliath 5, Gaelscoil an Duinnínigh,Droighneáin,Sord,Co.Bhaile Átha Cliath.

DVD agus Leabhrán foilsithe , An Gúm 2010.

Ranníocóirí : Ó Duibhir, Pádraig , Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Teanga :-Téacs i nGaedhilg go príomha , roinnt Béarla .

Ó Duibhir, Pádraig:Léachtóir le Teagasc na Gaedhilge

Spéiseanna Taighde:

Tá suim aige in oideachas múinteoirí agus in achan ghné de theagasc na Gaedhilge agus de theagasc trí Ghaedhilg sa bhunscoil. Cuireann sé suim fosta sa taighde ar dhátheangachas, ar thumoideachas agus ar mhúineadh an dara teanga i gcoitinne. Tá taighde dochtúireachta déanta aige ar Ghaedhilg labhartha na bpáistí i scoltacha lán-Ghaedhilge.

Páipéir chomhdhála le déanaí
Ó Duibhir, P. Cúrsaí Oideachais agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2130.Scoile Earraigh ar Phleanáil Teanga, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, 1 Feabhra 2010.

Ó Duibhir, P. Tumoideach.Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, 14 Nollaig 2009.

Ó Duibhir, P. Anailís ar Ghaeilge labhartha na bpáistí i scoileanna lán-Ghaeilge. Comhdháil Bhliantúil Ghaelscoileanna, 20 Samhain 2009

Foilseachán le déanaí:
Ó Duibhir, P. ‘It’s only a language’: The attitudes and motivation of Irish-medium education students’ to the Irish language.Proceedings of the Indigenous Minority Languages in Ireland: A Comparative Perspective.Groupe de Recherche en Etudes Irlandaises de l’Université Sorbonne Nouvelle-Paris III, 5-6 December 2008.

Cuardach ar líne.D’éirigh me le cóip den phléchaipéis ar shuíomh COGG a aimsiú..Bhí sé le fáil ón suíomh siúd le bheith íosluchtaithe go leictreonach agus ina iomlán. Diomaite den suíomh COGG ní chreidim go raibh sé le fáil i mball eile.


Tasc a haon …Ní Bhaoill Tús na láitheoireachta..

Ní Bhaoill, M. & Ó Duibhir , P . 2004.

Tús na Léithoireachta i Scoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge .

An Chomairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta: Baile Átha Cliath.

Tasc :Achoimre

Oide :Laoise Ní Thuairisg

Mac Léinn :Dáire-Proinsias Mac Gormáin.

Sproicdháta :28/09/2010

Dhírigh údair na cáipéise seo ar an ábhar seo as siocair treorach a bheith á lorg ag múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaedhilge maidir le tús na léitheoireachta .Promhadh cheana féin (Ó Siaghail agus Déiseach, 2004; Ní Bhaoill,2004) go raibh cleachtais éagsúla in úsáid ag múinteoirí agus ag scoileanna chuige sin : léitheoireacht na Gaedhilge ar dtús ag cuid acu,léitheoireacht an Bhéarla ar dtús ag cuid eile agus léitheoireacht sa dá theanga go comhuaineach ag líon áirithe fosta.Cíoradh an cheist seo ó thaithí na n-údar mar aon le scagadh ar an taighde is déanaí ar an ábhar in Éirinn agus i dtíortha nach í.Toisc go bhfuil léitheoireacht agus scríbhneoireacht fite fuaite ina chéile nuair a dhéantar trácht ar thús na léitheoireachta anseo clúdaíonn an tagairt siúd tús na scríbhneoireachta fosta.

Cuirtear tumoideachas ar fáil d’fhórmhór na ndaltaí sna scoileanna lán-Ghaedhilge agus do chuid de na daltaí sna scoileanna Gaeltachta. Is Oideachas dátheangach é .i. léitheoireacht sa dá theanga go comhuaineach ar líon áitithe a chuirtear ar fail do na daltaí a thógtar le Gaedhilg laistigh is lasmuigh den Ghaeltacht.Taispeántar gá le treoirlínte níos cinnte do mhúinteoirí agus easpa tacaíochta cuí do scoileanna chun cuidiú le daltaí le deacrachtaí foghlama ar dhóigh dhea-chleachtais.

Do na daltaí nach dtógtar le Gaedhilg agus a shealbhíonn an Ghaedhilg ar scoil,is scoileanna tumoideachais iad na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaedhilge.Tumtar na daltaí sa Ghaedhilg ón chéad lá. Maidir leis na daltaí a thógtar le Gaedhilg chan tumoideachas atá ann toisc go bhfuil an Ghaedhilg acu cheana féin.Ní dheantar faillí ar chumas Béarla an dalta a thógtar le Gaedhilg toisc gur mórtheanga é an Béarla agus go mbíonn sáith deiseanna ag an dalta teacht i dteagmháil leis an teanga sin lasmuigh den scoil chun cur leis an obair a dhéantar istigh sa scoil.

Rinneadh Ní Bhaoill(2004) taighde ar scoileanna lán-Ghaedhilge maidir le tús na léitheoireachta foirmiúla i nGaedhilg agus i mBéarla.Cuireadh an cheist seo a leanas ar na scoileanna.”Cén teanga lena dtosnaíonn an scoil ar léitheoireacht fhoirmiúil.” Uladh:100% ag toiseacht le Gaedhilg:Connacht: 30% ag toiseacht le Béarla:Mumhan 69% ag toiseacht le Gaedhilg.Chan fhuil figiúirí ar fáil do na scoileana Gaeltachta .Mar sin is léir ó na torthaí seo bíonn cleachtas éagsúla ar fud na tíre maidir le tús na léitheoireachta foirmiúla i scoileanna lán-Ghaedhige.Nuair a chuirtear na figiúirí uilig le chéile múineann 58% de scoileanna lán-Ghaedhige léitheoireachta na Gaedhilge ar dtús agus ní labhraítear aon Bhéarla de ghnáth go dtí am ínteacht sna naíonáin shinsearacha nó níos déanaí ; mar sin luath-thumoideachas iomlán atá á chleachtadh anseo agus tús áite don Ghaedhilg ata mar darna teanga.Sa darna grúpa cha bhíonn ach 36%;mar sin tugtar tús áitedon Bhéarla atá mar mháthairtheanga ag fórmhór na ndaltaí.Deantar amhlaidh mar go gcreidteargo mbeidh sé níos fusa ar na daltaí gabhail i ngleic leis an téacs scríofa ina mháthairtheanga ar dtús.Creideann neart tuismitheoirí gur fearr toiseacht le léitheoireacht sa chéad teanga.Múintear ach 7% de scoileanna lán-Ghaedhilge léitheoireacht sa dá theanga go comhuaineach agus creideann na tuismitheoirí gur féidir le daltaí gabháil i ngleic leis an dá theanga ag an am cheanna.

Tá sé ina chúis ghearáinag scoileanna Gaeltachta is lán-Ghaedhilge nach dtugtar aon treoir sa churaclam Béarla dóibh maidir le hord tús na léitheoireachta.Molann an Roinn Oideachais áfach gan toiseacht ar léitheoireacht fhoirmiúil sa da theanga ag an am chéanna i scoleanna lán-Ghaedhilge agus Gaeltachta. Toisc easpa treoirlínte cinnte is léir go bhfuil tionchar an-láidir ó mhúinteoirí iad féin go hairithe iad siúd le taithí roinnt blianta.De réir an Roinn Oideachais is Leanaí bíonn ról lárnach ag tuismitheoirí a bpáistí a ullmhú don léitheoireacht trí scéalta a leamh,leabhar a chur ar fáil agus a bpáistí a spreagadh chun léimh.

De réir Neil et al.(2002) agus Swain agus Lapkin (1982) toisc sáith theagmhála leis an mhórtheanga sa timpeallacht ba chóir toiseacht le léitheoireacht sa Mhionteanga .i. an Ghaedhilg ar dtús agus fiú má bhíonn roinnt laigí sa chéad cupla bliain ó thaobh a gcumas sa Bhéarla faoi dheireadh an chúigiú bliain feidhmíonn na daltaí siúd achan orlach chomh maith nó níos fearr ná na daltaí ag a raibh an Béarla mar theanga theagaisc .Mar bharr ar an iomlán de réir Johnstone et al , (1999:67) bíonn siad dátheangach is déchultúrtha.Tugann na húdair fá dear sna torthaí siúd nár cuireadh stádas socheacnamaíocht.éirim na ndaltaí nó dearcadh na dtuismitheoirí san áireamh.

De réir Cummins (1977) a rinne taighde ar scála beag agus a chuir na hathróga luaite san áireamh cha raibh aon duifear idir na daltaí sa dá chineál scoileanna maidir lena gcumas i léitheoireacht an Bhéarla ach go raibh na daltaí sna scoileanna lán-Ghaedhilge go mór chun tosaigh maidir lena gcumas i léitheoireacht na Gaedhilge.Maíonn Cummins (2000:189) go bhfuil cumas comónta teanga ann ..traschur agus deir sé “there is no direct relationship between the instructural time spent through the medium of a majority language and academic achievement in that language “

De réir Hickey (1995) agus Moill et al, (2001:446) má bhíonn saith theagmhála leis an mhiontheanga is féidir tairbhe a bhaint as an dátheangachas suimíoch san oideachas ach deiseanna teagmhála leis an mhiontheanga an chuid is tábhachtaí chun é sin a bhaint amach.

Moltar dá bharr go gcruthófaí deiseanna do dhaltaí chun go bhfaighidís teagmháil leis an Ghaedhilg taobh amuigh den seomra ranga fosta.Moltar dar ndóigh chun na haidhmeanna siúd a shlanú go mbeadh an tacaíocht chuí ón Roinn , scoileanna agus ábhair léitheoireachta macasamhail Séideán Sí (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta/Foras na Gaedhilge 2003).


Is é bhur mbeathasa !

Welcome to WordPress.com. This is your first post. Edit or delete it and start blogging!